Víreas sincítiach riospráide (RSV)

Bileog eolais

Cad é RSV? 

Is víreas riospráide coitianta é an víreas sincítiach riospráide (RSV) a mbíonn i gceist leis comharthaí éadroma slaghdáin. Is iondúil go dtagann daoine a tholgann RSV ar ais chucu féin thart ar sheachtain gan gá le cóir leighis a chur orthu. Mar sin féin, i gcás naíonáin faoi bhun sé mhí d’aois, i gcás daoine os cionn 65 bliain d’aois, agus i gcás daoine a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu, is féidir le RSV a bheith ina chúis le breoiteacht thromchúiseach nó le bás fiú. 

San Aontas Eorpach, san Iorua agus sa Ríocht Aontaithe, tá RSV freagrach as thart ar 213 000 leanbh faoi bhun cúig bliana d’aois a bheith curtha chuig an ospidéal agus bíonn dianchúram de dhíth ar thart ar 158 000 duine fhásta dá bharr gach bliain. Tolgann duine as gach fiche duine scothaosta san Eoraip RSV gach bliain.

Baby with RSV complications (blue lips, flared nostrils) crying

Cad iad siomptóim RSV? 

Bíonn tionchar difriúil ag RSV ar aoisghrúpaí éagsúla, ach áirítear na siomptóim seo a leanas ar na hairíonna is coitianta:

  • Casacht;
  • Sraothartach;
  • Fiabhras;
  • An tsrón a bheith ag sileadh;
  • Cársán.

D’fhéadfadh siomptóim éagsúla a bheith ar naíonáin a tholgann RSV, mar shampla:

  • Greannaitheacht;
  • Laghdú goile;
  • Athruithe patrúin análaithe
  • Aipnia (scor sealadach análaithe, go háirithe le linn codlata)

Is féidir le RSV a bheith ina chúis leis na comharthaí seo a leanas i leanaí faoi bhun cúig bliana d’aois:

  • Mear-análú;
  • Decaracht slogtha;
  • Seipsis.

D’fhéadfadh scornach tinn, tinneas cinn, plúchadh agus tuirse a bheith ar dhaoine fásta le RSV.

Cad iad aimhréidheanna RSV? 

Cé go mbíonn an chuid is mó de chásanna éadrom, is féidir le RSV dul i bhfeidhm ar bhunriochtaí sláinte agus is féidir deacrachtaí tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha a bheith mar thoradh air fosta. I measc na ndeacrachtaí a bhaineann le dian-ionfhabhtú RSV tá broincíníteas, athlasadh na n‑aerbhealaí beaga sa scamhóg, agus niúmóine – ar ionfhabhtú na scamhóga é.

I gcás naíonán agus leanaí óga, bíonn nasc idir comharthaí dian-ionfhabhtaithe RSV a mbíonn cóir leighis phráinneach ag teastáil ina leith agus deacracht análaithe. Bíonn gá le cúram leighis práinneach má bhítear ag gearranalú éadrom, má bhítear ag leathadh na bpolláirí le linn ionanálaithe, nó má bhíonn análú torannach, sosanna análaithe nó titim isteach an chliabhraigh i gceist. Chomh maith leis sin, ba cheart do thuismitheoirí a bheith airdeallach ar dhathú gorm nó liath na liopaí, an bhéil nó na n‑ingne toisc gur comhartha é sin de leibhéil fhíor-ísle fola-ocsaigine.  

D’fhéadfadh seipsis teacht ar naíonáin freisin – ar ionfhabhtú ar an sruth fola é a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hairíonna éagsúla lena n‑áirítear titim brú fola, méadú ráta croí agus fiabhras. D’fhéadfadh deacrachtaí cosúil le dul in olcas COPD (galar scamhóige toirmeascach ainsealach) agus galar croí a bheith mar thoradh ar ionfhabhtú RSV in othair scothaosta. 

 Elderly relative plays with toddler - the elderly and very young are most at risk of RSV

Cén chaoi a scaiptear RSV? 

Scaiptear RSV ó dhuine go duine trí cháithníní agus trí bhraoiníní a scaoiltear san aer nuair a bhíonn duine ionfhabhtaithe ag análú, ag labhairt, ag casacht nó ag sraothartach.
Is féidir an víreas a scaipeadh freisin trí dhlúth-theagmháil ar nós póga ó thuismitheoirí go leanaí. 

Is féidir le RSV scaipeadh freisin nuair a thiteann braoiníní riospráide ar dhromchlaí a bhíonn daoine a theagmháil. Is féidir leis na daoine sin an víreas a chur ar a lámha agus ionfhabhtú a fháil nuair a chuireann siad lámh ar an tsrón, ar an mbéal nó ar na súile. Is modh coitianta tarchuir é sin do naíonáin agus do leanaí óga a theagmhaíonn dromchlaí agus bréagáin ionfhabhtaithe nó a chuireann ina mbéal iad. 

De ghnáth, bíonn comharthaí le feiceáil idir dhá agus ocht lá tar éis an ionfhabhtaithe.

Cé atá i mbaol RSV a tholgadh?

Is féidir le duine ar bith RSV a tholgadh beag beann ar a n‑aois agus ionfhabhtaítear beagnach gach leanbh le RSV faoin am a bhíonn siad dhá bhliain d’aois. 
I measc na ndaoine is mó a bhíonn i mbaol tá naíonáin réamhaibí agus leanaí faoi bhun sé mhí d’aois, daoine os cionn 65 bliana d’aois agus daoine ag a bhfuil córais imdhíonachta lagaithe nó bunriochtaí sláinte amhail diaibéiteas, galar croí agus galar scamhóige. 

Pregnant person getting vaccinated against RSV by their doctor

Cén chaoi ar féidir RSV a chosc? 

In 2023, d’fhormheas an tAontas Eorpach an chéad vacsaín RSV atá oiriúnach le haghaidh naíonáin atá suas le sé mhí d’aois a chosaint chomh maith le dhá vacsaín do dhaoine fásta. Nuair a thugtar do mháthair le linn toirchis é, téann antasubstaintí a ghintear mar fhreagairt ar an vacsaín trasna an bhrácáin chuig an bhféatas – rud a thugann cosaint don leanbh ar feadh suas le sé mhí tar éis breithe. 

Is ionann na bearta coiscthe ginearálta agus bearta coiscthe le haghaidh víris riospráide eile, den chuid is mó. Is féidir le bearta ar nós na lámha a ní agus a dhíghalrú go minic, an tsrón agus an béal a chlúdach nuair a bhítear ag sraothartach agus teagmháil le daoine eile a sheachaint agus iad tinn cabhrú le scaipeadh RSV a chosc agus, ar an gcaoi sin, le daoine leochaileacha a chosaint. 
 

Cén chóir leighis atá ann in aghaidh RSV?

De ghnáth, ní bhíonn gá le cóireáil ar bith i gcás ionfhabhtú éadrom RSV toisc go mbíonn biseach ar an duine ionfhabhtaithe tar éis cúpla lá. D’fhéadfaí go mbeadh ar naíonáin faoi bhun sé mhí d’aois fanacht san ospidéal le go ndéanfaí monatóireacht ar a n‑análú agus ar a leibhéil ocsaigine. 

I gcásanna tromchúiseacha, áfach, is féidir cúram tacaíochta, tacaíocht análaithe agus cógas frithvíreasach a bheith mar chuid de chóireáil ospidéil in éineacht le cóireáil shonrach le haghaidh aimhréidheanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh a ndochtúir cógais, lena n‑áirítear cóireáil fhrithvíreasach, a thabhairt do leanaí faoi bhun dhá bhliana d’aois chun an baol galar tromchúiseach a tholgadh a laghdú dá n‑ionfhabhtófaí iad.