Na sonraí faireachais is déanaí san AE
Atlas Faireachais
Atlas Faireachais
Tugtar san Atlas Faireachais ECDC de Ghalair Thógálacha sonraí maidir le ráigeanna galar tógálach i mBallstáit AE. Taispeánann an uirlis sonraí faoi ghalair inchoiscthe trí vacsaíniú, amhail bruitíneach, diftéire, triuch, agus bruitíneach dhearg. Tugtar leis roghanna don úsáideoir faisnéis a scagadh de réir chritéar amhail galar agus tréimhse ama. Tá na sonraí bunaithe ar fhaisnéis arna cur isteach agus arna fíorú ag Ballstáit trí chóras faireachais galar ECDC.
Nuashonruithe ar COVID-19
Rianaire vacsaíne
Sa Rianaire Vacsaíne COVID-19 tugtar forléargas ar an dul chun cinn atá déanta maidir le vacsaíní COVID-19 a chur i bhfeidhm i measc daoine fásta (19 mbliana d’aois agus níos sine) ar fud Bhallstáit AE/LEE. Mar dheais idirghníomhach, tugtar leis an Rianaire Vacsaíne sonraí maidir le líon na ndáileog vacsaíne a dháileann monaróirí ar gach Ballstát le haghaidh na vacsaíní éagsúla atá údaraithe lena n-úsáid san AE agus líon na chéad dáileog, líon an dara dáileog nó líon neamhshonraithe na ndáileog a thugtar do dhaoine fásta aonair.
Nuashonruithe ar an staid COVID-19
Forléargas ar na sonraí go léir atá ar fáil maidir le paindéim COVID-19.
