Mpox (bolgach moncaí)

Bileog eolais

Cad é mpox (bolgach moncaí)?

Is galar víreasach annamh é mpox a chruthaíonn comharthaí ionfhabhtaithe víreasaigh ghéarmhíochaine (fiabhras, tinneas cinn, cráphianta matáin) agus gríos a bhíonn cosúil le goiríní nó le spuaiceanna.

In 2022, den chéad uair riamh, tuairiscíodh líon mór cásanna in AE agus ar fud an domhain i dtíortha nach raibh sé riamh coitianta iontu roimhe sin. Tuairiscíodh os cionn 20 000 cás in AE/in LEE le linn na ráige sin in 2022. Ní raibh baint ag na cásanna sin le taisteal chuig áiteanna ina mbíodh an víreas bolgaí moncaí á scaipeadh go stairiúil.

Symptoms of Mpox

Cad iad siomptóim an víris bolgaí moncaí?

I measc na gcomharthaí bíonn loit a d’fhéadfadh a bheith deacair a idirdhealú ó ionfhabhtuithe víreas bolgaí eile agus, go pointe áirithe, ó loit deilgní.

Go minic, bíonn meascán de na hairíonna seo a leanas ar dhaoine a mbíonn bolgach moncaí orthu:

  • fiabhras
  • tinneas cinn
  • crithfhuacht
  • tnáitheadh
  • at na nód limfe
  • pian droma agus cráphianta matáin
  • loit seicne múcasaí agus gríos cnis. 

Is féidir leis an ngríos sin teacht ar othair roimh na siomptóim eile nó ina ndiaidh agus, go ginearálta, is ar na lámha, ar na cosa, timpeall na mball giniúna nó timpeall an anais a bhíonn sé. 

Ar dtús, bíonn na loit dheirmeacha sin ina spotaí beaga a fhorbraíonn ina dhiaidh sin ina spuaiceanna líonta le sreabhán, a eiríonn crua agus a dtagann gearb orthu sula leigheastar an craiceann go hiomlán.

Cad iad aimhréidheanna bolgaí moncaí?

An chuid is mó de dhaoine a tholgann bolgach moncaí, leigheastar iad gan aon aimhréidheanna a theacht orthu. Ba cheart measúnú leighis a dhéanamh ar chásanna nua-aitheanta de bholgach moncaí maidir le déine agus tosca riosca (e.g. bunriochtaí sláinte, cógais a théann i bhfeidhm ar an gcóras imdhíonachta, ionfhabhtú VEID gan chóireáil, etc.). D’fhéadfaí go mbeadh gá leis an duine sin a chur chun an ospidéil agus/nó iad a chóireáil le drugaí frithvíreasacha i gcás daoine a mbíonn galair thromchúiseacha orthu. 

Mpox spreads through physical contact

Conas a scaiptear an víreas bolgaí moncaí?

Is féidir an víreas a scaipeadh ó ainmhithe go daoine trí theagmháil dhíreach le hainmhithe ionfhabhtaithe amhail creimirí, go háirithe san Afraic – áit a mbíonn an víreas bolgaí moncaí á scaipeadh i measc ainmhithe. 

San Eoraip, is féidir an víreas a tharchur ó dhuine go duine ar na bealaí seo a leanas: 

  • dlúth-theagmháil le loit dheirmeacha duine ionfhabhtaithe
  • braoiníní riospráide a mhalartaítear le linn teagmháil fhada aghaidh ar aghaidh
  • teagmháil le dromchlaí ionfhabhtaithe.

Le linn na ráige in 2022, ba i measc fir a mbíonn gnéas acu le fir a bhí an chuid ba mhó de chásanna bolgaí moncaí i ndaoine a diagnóisíodh – rud a thug le tuiscint gur tharla an tarchur le linn caidreamh collaí eatarthu.

Cé atá i mbaol bolgach moncaí a tholgadh?

Cé gurbh i measc fir a mbíonn gnéas acu le fir a bhí formhór na gcásanna in 2022, bíonn baol ann d’aon duine a mbíonn dlúth-theagmháil dhíreach acu (lena n-áirítear teagmháil ghnéasach) le duine ionfhabhtaithe le bolgach moncaí an víreas a tholgadh. Is féidir teagmháil le héadaí, le leapachas, le tuáillí, le dromchlaí agus le nithe eile ar theagmhaigh duine ionfhabhtaithe le bolgach moncaí a bheith ina gcúis le tarchur an víris bolgaí moncaí.

D’fhéadfadh iad siúd a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe ag bunriochtaí míochaine, ag míochainí áirithe, nó ag cóireálacha (cosúil le ceimiteiripe) a bheith ní ba sho-ghabhálaí do bholgach moncaí agus dá haimhréidheanna.

Cé go bhféadfadh na grúpaí sin a bheith ní ba mhó i mbaol, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur féidir le haon duine a bhíonn i dteagmháil le duine ionfhabhtaithe bolgach moncaí a tholgadh.

A person getting vaccinated against mpox

Conas bolgach moncaí a chosc? 

Is féidir bolgach moncaí a chosc trí dhlúth-theagmháil le daoine ionfhabhtaithe a sheachaint agus trí shláinteachas maith a chleachtadh, mar shampla na lámha a ní go minic le gallúnach agus le huisce. 

Cuirtear cosaint áirithe ar fáil tríd an vacsaíniú i gcoinne bolgaí Dé, galar a mbíonn víreas gaolmhar is cúis leis. 

Má cheapann tú go mb’fhéidir gur nochtadh do bholgach moncaí thú, caithfear tú féin a leithlisiú ó dhaoine eile agus cóir leighis a lorg láithreach ó do sholáthraí cúraim sláinte.

Nóta: Is chun críche faisnéis ghinearálta an fhaisnéis sa bhileog eolais seo, agus níor cheart í a úsáid in ionad saineolas agus breithiúnas aonair gairmí cúraim sláinte.