An uair le vacsaíniú

Cosnaíonn vacsaíní daoine le linn tráthanna éagsúla den saol. Moltar vacsaíní d’aoisghrúpaí éagsúla, go minic do naíonáin agus do leanaí, ach do dhéagóirí, do dhaoine fásta agus do dhaoine scothaosta freisin.

I sceidil náisiúnta vacsaínithe AE/LEE, moltar vacsaíní ag aoiseanna ar leith agus do phobail ar leith. Tugtar iontu freisin moltaí do dhaoine a bhfuil galair ainsealacha orthu. Tugtar na moltaí sin ag leibhéal stáit nó réigiúnach i roinnt tíortha.

Tá ról ag gairmithe cúraim sláinte (e.g. dochtúirí, altraí) lena áirithiú go bhfaigheann othair faoina gcúram na vacsaíní molta ag an am ceart.

Níl roinnt vacsaíní mar chuid de na gnáthsceidil vacsaínithe, ach dírítear iad ar ghrúpaí ar leith. Mar shampla, daoine a bhíonn ag taisteal chuig réigiúin ina bhfuil galair thógálacha áirithe ann, amhail fiabhras buí agus fiabhras tíofóideach, d’fhéadfadh ceanglas a bheith orthu vacsaíní a fháil. Éilítear cruthúnas vacsaíní áirithe i roinnt tíortha sula gceadófar an duine isteach sa tír.

Page last updated 13 Már 2020