Vacsaíniú

Cosnaíonn vacsaíniú daoine ar ghalair thógálacha thromchúiseacha agus iad siúd atá bagrach don bheatha, amhail an fliú, diftéire, teiteanas, triuch, an bhruitíneach, leicneach, rubella (bruitíneach dhearg), galar meiningeacocúil, galar niúmacocúil ionrach agus póilió.

Gach bliain cuireann vacsaíniú cosc ar 2.7 milliún duine ar fud an domhain bruitíneach a fháil, ar aon mhilliún amháin triuch a fháil agus ar dhá mhilliún leanaí teiteanas a fháil (1).

San am atá caite, fuair a lán daoine bás le galair, galair ar féidir leo a chosc sa lá inniu le vacsaíniú. Ba mhinic a bhí fo-iarmhairtí a bhain le galar ar dhaoine freisin, amhail daille de dheasca bruitíní agus leanaí a rugadh bodhar, catarachtaí orthu nó míchumas foghlama de dheasca rubella a tháinig ar a máthair. Bhíodh póilió - mar is maith is cuimhin le daoine a rugadh roimh na 1960í - ina chúis ollmhór le bás, pairilis agus míchumais ar feadh an tsaoil san Eoraip agus i réigiúin eile.

Cé chomh tógálach is atá galair éagsúla?

how contagious measles is
An Bhruitíneach

An Bhruitíneach

12-18 nduine

Is ionann an ponc sa lár agus duine amháin atá ionfhabhtaithe ag galar. Léiríonn na poncanna nasctha uaslíon agus íoslíon daoine neamh-ionfhabhtaithe agus neamhvacsaínithe roimhe sin ar féidir leo bheith ionfhabhtaithe ag duine a bhfuil an galar air. Léiríonn sé sin an meastachán is coimeádaí (fáinne istigh, poncanna níos dorcha) agus an t-uasmheastachán (fáinne amuigh, poncanna níos éadroma).

how contagious mumps is
Plucamas

Plucamas

4-7 nduine

Is ionann an ponc sa lár agus duine amháin atá ionfhabhtaithe ag galar. Léiríonn na poncanna nasctha uaslíon agus íoslíon daoine neamh-ionfhabhtaithe agus neamhvacsaínithe roimhe sin ar féidir leo bheith ionfhabhtaithe ag duine a bhfuil an galar air. Léiríonn sé sin an meastachán is coimeádaí (fáinne istigh, poncanna níos dorcha agus an t-uasmheastachán (fáinne amuigh, poncanna níos éadroma)

how contagious pertussis is
Triuch

Triuch

12-17 nduine

Is ionann an ponc sa lár agus duine amháin atá ionfhabhtaithe ag galar. Léiríonn na poncanna nasctha uaslíon agus íoslíon daoine neamh-ionfhabhtaithe agus neamhvacsaínithe roimhe sin ar féidir leo bheith ionfhabhtaithe ag duine a bhfuil an galar air. Léiríonn sé sin an meastachán is coimeádaí (fáinne istigh, poncanna níos dorcha) agus an t-uasmheastachán (fáinne amuigh, poncanna níos éadroma).

how contagious rubella is
Diftéire/Rubella

Diftéire/Rubella

6-7 nduine

Is ionann an ponc sa lár agus duine amháin atá ionfhabhtaithe ag galar. Léiríonn na poncanna nasctha uaslíon agus íoslíon daoine neamh-ionfhabhtaithe agus neamhvacsaínithe roimhe sin ar féidir leo bheith ionfhabhtaithe ag duine a bhfuil an galar air. Léiríonn sé sin an meastachán is coimeádaí (fáinne istigh, poncanna níos dorcha) agus an t-uasmheastachán (fáinne amuigh, poncanna níos éadroma).

how contagious influenza is
An fliú

An fliú

1-4 dhuine

Is ionann an ponc sa lár agus duine amháin atá ionfhabhtaithe ag galar. Léiríonn na poncanna nasctha uaslíon agus íoslíon daoine neamh-ionfhabhtaithe agus neamhvacsaínithe roimhe sin ar féidir leo bheith ionfhabhtaithe ag duine a bhfuil an galar air. Léiríonn sé sin an meastachán is coimeádaí (fáinne istigh, poncanna níos dorcha) agus an t-uasmheastachán (fáinne amuigh, poncanna níos éadroma).

Foinse: Plotkin S, Orenstein W, Offit P. Vaccines.

An Cúigiú Leagan 2008, Elsevier Inc.

Cuidíonn vacsaíniú scaipeadh na ngalar i bpobail a chosc. Nuair a bhíonn céatadán mór de phobal vacsaínithe, ní bhíonn sé éasca galair thógálacha a scaipeadh. Tugtar comh-imdhíonacht air sin. Féadann vacsaíniú galair a dhíothú líon na gcásanna nua a laghdú go suntasach.

Agus a bhuí le vacsaíniú:

  • Tábolgach díothaithe ar fud an domhain;
  • Cuireadh deireadh le trais-seoladh póilió i mórchuid den domhan, an Eoraip san áireamh.

Cuireann vacsaíniú cosc ar fhorbairt cineálacha éagsúla meallta réamhailseacha agus ailsí, mar shampla:

  • Féadann vacsaíniú in aghaidh papalómaivíreas daonna (HPV) cuidiú le hailse agus ailsí eile is cúis le hionfhabhtú HPV a chosc;
  • Féadann vacsaíniú in aghaidh Heipitíteas B cuidiú le hailse ae, rud is cúis le hionfhabhtú de Heipitíteas B fadtéarmach.

buntáistí sochaíocha níos forleithnei gcláir vacsaínithe. Cuidíonn siad le hualaí sóisialta, síceolaíocha agus airgeadais an ghalair ar dhaoine agus rialtais a laghdú, brúnna ar chórais cúraim sláinte agus sóisialta a laghdú agus cur ar chumas daoine leanúint le gníomhaíochtaí táirgiúla, oideachas agus fostaíocht san áireamh.

Is é vacsaíniú an bealach is fearr le himdhíonacht a fháil in aghaidh galair inchoiscthe trí vacsaíniú, seachas imdhíonacht a bhaint amach tríd an ngalar a fháil. Cuireann vacsaíniú cosc ar dhaoine comharthaí an ghalair a fháil, comharthaí a d’fhéadfadh bheith dian.

--------------------------------------------------------------------

Tagairtí:

(1) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/MEMO_18_3458

Buntáistí an vacsaínithe don phobal

Faigh tuilleadh eolais maidir le conas a chabhraíonn vacsaíní le leathadh galar i bpobail a laghdú, agus conas a chabhraíonn siad le imdhíonacht tréada a bhunú.

An uair le vacsaíniú

Faigh sceidil vacsaínithe náisiúnta do thíortha AE/LEE ina dtairgtear vacsaínithe d’aoisghrúpaí agus do dhaonraí ar leith.

Page last updated 13 Már 2020