Deir

Bileog eolais

Cad í deir? 

Is éard is deir ann, ar a dtugtar freisin herpes zoster, ionfhabhtú víreasach a mbíonn an víreas varicella-zoster (VZV) ina chúis leis – an víreas céanna a mbíonn ina chúis le deilgneach (varicella). Agus daoine tagtha chucu féin tar éis deilgneach a tholgadh, bíonn an víreas suanach sa néarchóras acu. I gcásanna áirithe, féadann an víreas athghníomhachtú agus a bheith ina chúis le deir níos déanaí sa saol. 

Woman with shingles has headache

Cad iad siomptóim deire? 

Is iad seo a leanas gnáthshiomptóim deire:

  • Gríos pianmhar a mbíonn cuma stríoctha amháin air de ghnáth ar thaobh amháin den chorp, go minic ar an gcabhail nó ar an aghaidh.
  • Spuaiceanna a phléascann agus a éiríonn crua ina dhiaidh sin
  • Tochas, griofadach nó mothú dóite roimh theacht an ghrís
  • D’fhéadfadh fiabhras, tinneas cinn agus tuirse a bheith i gceist leis i gcásanna áirithe chomh maith.

Cad iad aimhréidheanna deire? 

D’fhéadfadh deacrachtaí éagsúla a bheith mar thoradh ar dheir, lena n‑áirítear:

  • Pian leanúnach néaróige a mhaireann ar feadh míonna nó fiú blianta i gcásanna áirithe fiú agus an gríos leigheasta
  • Má théann deir i bhfeidhm ar na súile, d’fhéadfadh ionfhabhtuithe súl agus caillteanas físe a bheith mar thoradh uirthi.
children at daycare

Conas a scaiptear deir? 

Ní féidir deir a tholgadh ach má bhí deilgneach ort roimhe sin mar gurb é athghníomhachtú an víris shuanaigh sa chorp an chúis atá léi. Mura raibh deilgneach ort riamh nó mura bhfuair tú an vacsaín ina coinne roimhe seo, agus má bhíonn tú i dteagmháil le duine a bhfuil deir orthu, is féidir í a tholgadh.   Is lú seans go scaipfidh duine a bhfuil deir orthu an víreas chuig daoine eile má chlúdaíonn siad a ngríos go hiomlán.

Cé atá i mbaol deir a tholgadh? 

Is féidir le duine ar bith a raibh deilgneach orthu deir a tholgadh. Méadaíonn an baol go dtolgfaí deir leis an aois, go háirithe i gcás iad siúd atá os cionn 50 bliain d’aois. Athraíonn an mhinicíocht ó thír go tír ach is léir go bhfuil treocht in airde i gceist leis faoi mar a théann daonra an domhain in aois.  Bíonn daoine ag a bhfuil córais imdhíonachta lagaithe mar gheall ar riochtaí sláinte nó cógais áirithe níos so-ghabhálaí i leith deire freisin.

child getting vaccinated

Cén chaoi ar féidir deir a chosc? 

Is é an vacsaíniú an bealach is fearr chun deir a chosc. Cabhraíonn an vacsaín deire, ar a dtugtar freisin an vacsaín herpes zoster, leis an mbaol go dtolgfaí í a laghdú agus laghdaíonn sé fosta an dóchúlacht go mbeadh aimhréidheanna i gceist léi sa chás sin. Moltar i roinnt Ballstát vacsaíní zoster a úsáid le haghaidh grúpaí áirithe den daonra bunaithe ar aois nó ar riochtaí sláinte. 

Cén chóir leighis atá ann le haghaidh deire? 

Má cheapann tú go bhfuil deir ort, tá sé riachtanach cóir leighis a fháil. Is féidir le luathchóireáil le cógais fhrithvíreasacha cabhrú le déine agus le fad an tinnis a laghdú. Is féidir le cógais a thugann faoiseamh ó phian agus le hadhairtíní fuara cabhrú le míchompord a mhaolú le linn an leighis.