Sábháilteacht agus fo-iarmhairtí vacsaíne

Vaccine vial with viruses and symbols around it

Mar an gcéanna le haon chineál leighis, d’fhéadfadh vacsaíní fo-iarmhairtí a spreagadh i roinnt daoine. Ni mhaireann fo-iarmhairtí i bhfad agus bíonn siad éadrom de ghnáth. Is annamh iad fosta, agus glactar leis go bhfuil vacsaíní údaraithe thar a bheith sábháilte. Mar sin féin, d’fhéadfaí nach mbeadh roinnt vacsaíní oiriúnach do dhaoine áirithe a bhfuil ailléirgí nó riochtaí sláinte áirithe orthu. 

Fo-iarmhairtí

Airítear le fo-iarmhairtí vacsaíne fiabhras éadrom, pian nó deirge ag láthair an insteallta. Is annamh a bhíonn fo-iarmhairtí tromchúiseacha ann. 

Tar éis vacsaín a fhormheas lena húsáid san Aontas nó in LEE, déanann an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) agus na húdaráis náisiúnta faireachán leanúnach chun féachaint an dtagann fo-iarmhairtí orthu siúd a fhaigheann an vacsaín.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi fho-iarmhairtí vacsaíne, féach: 

Fo-iarmhairtí a thuairisciú

Faigh amach conas a dhéantar monatóireacht leanúnach ar shábháilteacht vacsaíní agus ar aon fho-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann chun othair ar fud na hEorpa a chosaint.

Cathain nár cheart vacsaín a fháil

Ní féidir le roinnt daoine vacsaín a fháil mar gheall ar chúinsí sonracha sláinte. Má chuireann a soláthraí cúraim sláinte in iúl dóibh go bhfuil fritásc acu maidir le vacsaín ar leith, níor cheart dóibh an vacsaín áirithe sin a fháil. Is coinníoll nó cúinse é fritásc a fhágann nach mbíonn sé sábháilte do dhuine vacsaín ar leith a fháil. I gcásanna den sórt sin, is mó na rioscaí a bhaineann le vacsaíniú ná na tairbhí.

Frithghníomhartha ailléirgeacha

Cúis choitianta amháin gan vacsaín a fháil ná ailléirge d’aon cheann de na substaintí gníomhacha nó do chomhábhair atá le fáil sa vacsaín. Más rud é go raibh géar-fhrithghníomhú ag duine a raibh suaitheadh, at nó deacracht análaithe (anaifiolacsas) mar thoradh air in aghaidh vacsaíne san am atá caite, níor cheart dóibh an vacsaín sin a fháil arís mura gcuirtear as an áireamh go cinntitheach í mar chúis leis an ngéar-fhrithghníomhú.

Fritásca eile

D’fhéadfadh riochtaí sláinte áirithe nó cóireáil áirithe a bheith ina bhfritáscacha le haghaidh vacsaíní ar leith freisin. Mar shampla, d’fhéadfaí nach mbeadh daoine a bhfuil neamhord córais imdhíonachta orthu nó a bhfuil cóireáil leighis shonrach á fáil acu in ann vacsaíní áirithe a fháil i gcás galar amhail bruitíneach, plucamas, bruitíneach dhearg, varicella nó tíofóideach bhéil.

Is féidir le daoine ag a bhfuil córais imdhíonachta lagaithe tairbhe a bhaint as na daoine timpeall orthu a bheith vacsaínithe go hiomlán toisc go dtugtar cosaint indíreach dóibh dá bharr.

D’fhéadfadh fritásca eile a bheith ann le haghaidh vacsaíní sonracha ar cheart iad a phlé le soláthraí cúraim sláinte.

Vacsaíní agus toircheas

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara leis nach bhfuil roinnt vacsaíní inmholta le linn toirchis. Mar shampla, ba chóir vacsaíní le haghaidh galar amhail bruitíneach, plucamas agus bruitíneach dhearg a sheachaint le linn toirchis. Ba cheart go bhfaigheadh mná gach vacsaín a mholtar go rialta sula mbeidís in aois chlainne. Sula bhfaighidís siad vacsaín, ba cheart dóibh a soláthraí cúraim sláinte a chur ar an eolas más rud é go bhféadfaidís a bheith torrach chun plé a dhéanamh ar na vacsaíní is féidir a thabhairt le linn toirchis agus ina dhiaidh.