Buntáistí an vacsaínithe

Tá vacsaíní tar éis beatha na milliúin duine san Eoraip agus ar fud an domhain a shábháil. A bhuíochas den vacsaíniú forleathan, tá deireadh curtha leis an mbolgach agus le póilio san Eoraip agus is annamh anois iad galair a bhí coitianta roimhe seo dá bharr fosta. 

Trí vacsaín a fháil, cosnaítear daoine ar bhreoiteacht thromchúiseach, agus, uaireanta, ar an mbás a fháil de bharr galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú. Cuireann sé cosc freisin ar scaipeadh na ngalar sin i measc ball teaghlaigh, cairde, comhghleacaithe, comhscoláirí agus sa phobal i gcoitinne

Meastar go bhfuil an vacsaíniú ar cheann de na hidirghabhálacha sláinte poiblí is costéifeachtaí toisc go bhfaightear réidh dá bharr leis na costais a bhaineann le cóireáil a chur ar agus le haire a thabhairt do dhaoine a n-éireodh tinn murach iad.

Agus vacsaín faighte ag daoine i ndaonra atá imdhíonach ar ghalar tógálach, ní dócha go scaipfí an galar sin ó dhuine go duine ann ansin. Sa chaoi sin, cosnaítear daoine ar ráigeanna galair agus, nuair a bhíonn dóthain daoine imdhíonach, is féidir leis an ‘imdhíonacht phobail’ nó ‘imdhíonacht tréada’ a bheith mar thoradh air. Cuidíonn sé sin ní hamháin leo siúd atá vacsaínithe a chosaint ach fosta, go hindíreach, ach iad siúd atá níos leochailí i leith galair a chosaint leis. Ina measc sin leanaí óga, daoine scothaosta, daoine ag a bhfuil córais imdhíonachta lagaithe acu, othair ailse agus daoine nach féidir a vacsaíniú ar chúiseanna leighis a bhíonn i mbaol nuair a scaiptear galair i bpobail, agus, dá bhrí sin, is féidir leis an vacsaíniú cosaint a thairiscint dóibhsean chomh maith. 

Cé chomh tógálach is atá galair éagsúla?

Measles infection spreading

Bruitíneach

12-18 duine 

Is féidir le duine amháin a bhfuil an bhruitíneach orthu idir 12 agus 18 nduine eile a ionfhabhtú.

Mumps infection spreading

Plucamas

4-7 duine

Is féidir le duine amháin a bhfuil an plucamas orthu idir 4 agus 7 nduine eile a ionfhabhtú.

Whooping cough infection spreading

Triuch

12-17 duine 

Is féidir le duine amháin a bhfuil an triuch orthu idir 12 agus 17 nduine eile a ionfhabhtú.

Diphtheria or Rubella infection spreading

Diftéire/Bruitíneach dhearg

6-7 duine

Is féidir le duine amháin a bhfuil an bhruitíneach orthu idir 6 agus 7 nduine eile a ionfhabhtú.

Flu infection spreading

Fliú

1-4 duine

Is féidir le duine amháin a bhfuil an fliú orthu idir duine amáin agus 4 dhuine eile a ionfhabhtú.

I gcás roinnt galar tógálach, ní féidir a bheith ag brath ar an imdhíonacht phobail mar chosaint orthu. Sampla amháin den sórt sin é teiteanas ar féidir leis a fhorbairt mar thoradh ar ghnáthghortuithe, cuir i gcás gearrthacha, scríobthaí agus greamanna ó mhadra nó ó chat. Is é an vacsaíniú an t-aon bhealach chun cosaint dhíreach ar theiteanas a chinntiú.

Murab ionann agus cóireáil a thugtar chun tinneas a leigheas, is iondúil go dtugtar vacsaíní do dhaoine sláintiúla chun iad a chosc ar éirí tinn. Cé nach léir láithreach bonn na buntáistí fadtéarmacha a bhaineann le vacsaín a fháil, d’fhéadfadh an-chuid de na galair atá tar éis éirí annamh go leor sa lá atá inniu ann teacht ar ais murach an vacsaíniú.