Buntáistí an vacsaínithe don phobal
Tugann vacsaíniú cosaint do na daoine vacsaínithe agus dóibh siúd atá timpeall orthu atá i mbaol na ngalar, rud a laghdaíonn an baol go scaipfidh galair i measc daoine de theaghlach, cairde scoile nó comhghleacaithe, cairde, comharsana agus daoine eile sa phobal.
Nuair a bhíonn go leor daoine ann i ndaonra atá imdhíonach ar ghalar tógálach, ní dócha go scaipfidh an galar ansin ó dhuine go duine. Tugtar 'imdhíonacht phobail’ air sin (tugtar ‘imdhíonacht tréada’ air freisin).

Ar an mbealach sin, cosnaíonn vacsaíní daoine eile atá i mbaol galair go hindíreach. Orthu sin tá naíonáin, leanaí, daoine scothaosta, daoine a bhfuil córas imdhíonachta laga acu, othair ailse, agus daoine nach féidir iad a vacsaíniú ar chúiseanna leighis.
Ciallaíonn sé go mbaineann daoine nach féidir iad a vacsaíniú, mar shampla toisc go bhfuil siad ró-óg nó toisc go bhfuil ailléirge orthu le comhpháirteanna vacsaíne, leas ó dhaoine eile a bheith vacsaínithe, de bharr nach féidir leis an ngalar leathadh go héasca sa phobal.
Mar shampla, chun imdhíonacht phobail ar bhruitíní a áirithiú, molann na húdaráis um shláinte phoiblí go bhfaigheann 95% den daonra vacsaín le dhá dháileog den vacsaín in aghaidh na bruitíní (an vacsaín MMR, a chosnaíonn in aghaidh na bruitíní, leicneach agus rubella).
Mar sin féin, ní féidir le daoine a bheith brath ar imdhíonacht phobail i gcás roinnt galar tógálach. Mar shampla, is féidir teacht ar theiteanas de dheasca gortuithe coitianta, lena n-áirítear greamanna ó mhadraí nó ó chait. Is é an vacsaíniú an t-aon bhealach chun cosaint dhíreach a chinntiú i gcoinne teiteanais.
Ina theannta sin, cabhraíonn cláir imdhíonta le hualaí sóisialta, síceolaíocha agus airgeadais an ghalair ar dhaoine agus ar rialtais a laghdú, ag laghdú brúnna ar chórais chúraim sláinte agus chúraim shóisialta agus ag cur ar chumas daoine dul i mbun gníomhaíochtaí táirgiúla lena n-áirítear oideachas agus fostaíocht.
Na sochair a bhaineann le vacsaíniú do dhaoine aonair
Foghlaim conas a chosnaíonn vacsaíní daoine aonair ar ghalair thromchúiseacha atá bagrach don bheatha.
An uair le vacsaíniú
Faigh sceidil vacsaínithe náisiúnta do thíortha AE/LEE ina dtairgtear vacsaínithe d’aoisghrúpaí agus do dhaonraí ar leith.