External Link
an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach
Gníomhaireacht dhíláraithe de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) atá freagrach as measúnú eolaíochta, maoirseacht, agus faireachán sábháilteachta ar leigheasra san AE. Eagraíocht líonraithe is ea EMA a bhfuil baint aici leis na mílte saineolaí ar fud na hEorpa ina cuid gníomhaíochtaí.
External Link
an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú
Gníomhaireacht eolaíochta de chuid an AE is ea ECDC a dhíríonn ar chosaint na hEorpa a neartú in aghaidh galair thógálacha. Clúdaítear ina príomhfheidhmeanna speictream leathan gníomhaíochtaí: faireachán, faisnéis faoi eipidéimí, freagairt, comhairle eolaíochta, micribhitheolaíocht, ullmhacht, oiliúint sláinte poiblí, caidreamh idirnáisiúnta, cumarsáid sláinte agus an t-irisleabhar eolaíochta Eurosurveillance
External Link
Eolas fúinn
Brainse feidhmiúcháin polaitiúil den AE is é an Coimisiún Eorpach. É féin atá freagrach as tograí a dhréachtú do reachtaíocht nua Eorpach, agus cuireann i bhfeidhm cinntí de chuid Pharlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.
External Link
An dóigh a measann EMA táirgí íocshláinte
Tá EMA freagrach as measúnú eolaíochta na n-iarratas ar fhormheas maidir le húdarú margaíochta láraithe san Aontas Eorpach.
External Link
Ón tsaotharlann chuig an othar: turas táirge íocshláinte
Lean turas táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine arna mheas ag EMA san amlíne idirghníomhach seo.