
Is é an cumas atá ag vacsaíne le galar ar leith a chosc a rialaíonn a héifeachtacht. Tá vacsaíní ceadaithe éifeachtach chun galar a chosc agus chun an pobal a chosaint agus iad riartha i gceart.
Mar a bhíonn le haon leigheas, níl aon vacsaín 100% éifeachtach i ngach duine atá vacsaínithe. Braitheann éifeachtacht ar dhuine ar líon tosca. Áirítear leo sin:
- an aois;
- galair nó dálaí eile a d'fheadfadh bheith air;
- an tréimhse ama ón vacsaíniú;
- teagmháil roimhe leis an ngalar;
- an dóigh a dtugtar an vacsaín;
- an vacsaín féin.
Mar shampla, tá an vacsaín in aghaidh na bruitíní, na leicní agus rubella (MMR) thar a bheith éifeachtach chun galar a chosc. Tugann sé cosaint ar feadh an tsaoil agus éifeachtacht timpeall 97-99% i measc leanaí sláintiúla a fhaigheann dhá dháileog.
I gcúinsí áirithe, féadann an galar teacht ar dhuine fós, fiú tar éis an dáileog mholta vacsaíne a fháil ina aghaidh. Easpa cosanta á fhorbairt in aghaidh an ghalair nó de dheasca imdhíonacht laghdaithe le himeacht ama sa duine is cúis leis sin. Sna cásanna sin, áfach, is minic a bhíonn siomptóim duine níos éadroime ná an cás gan an vacsaíniú a bheith air/uirthi. Is lú is dócha go n-ionfhabhtóidh siad daoine eile freisin.
Buntáistí vacsaínithe
Cuireann vacsaíní cosc ar ghalair a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le fadhbanna sláinte tromchúiseacha, míchumas buan nó fiú bás.
Formheas vacsaíní san Aontas Eorpach
Sular féidir vacsaín a fhormheas san Aontas Eorpach, ní mór d’fhorbróir na vacsaíne í a chur faoi dhiantástáil ...
Faireachán a dhéanamh ar sábháilteacht vacsaíne agus fo-iarmhairtí a thuairisciú
Nuair a cheadaítear vacsaín le húsáid, déanann údaráis náisiúnta an AE/LEE agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)...