Comhábhair vacsaíne

Vaccine components

I dteannta le hantaigin amháin nó níos mó ná sin, tá comhábhair eile ann i vacsaín. Áirítear leo sin:

  • Aidiúvaigh: feabhsaíonn siad sin an fhreagairt imdhíonachta ar an vacsaín tríd an bhfreagairt a dhéanamh níos láidre, níos gasta agus níos marthanaí le himeacht ama. Is alúmanam sampla,
  • támháin: is substaintí gníomhacha iad sin, amhail uisce, nó clóiríd sóidiam (salann), chomh maith leis na leasaithigh nó cobhsaitheoirí a chuidíonn chun an vacsaín a choinneáil seasmhach le linn stóráil, agus í a choinneáil gníomhach dá réir.

Tá na substaintí sinn arna rialú ar bhonn leanúnach lena áirithiú go bhfuil i láthair ag leibhéil a léiríodh mar leibhéil sábháilte. Déanann rialtáin seiceálacha gur mó na buntáistí ná aon riosca frithghníomhaithe ina n-aghaidh.

D’fhéadfadh go mbeadh rianta substaintí eile a úsáidtear sa phróiseas táirgeachta ann, amhail ubh-albaimin (próitéin a fhaightear in uibheacha) nó neomycinum (antaibheathach).

Nuair a bhíonn na substaintí sin i láthair ag leibhéal inar féidir trúig frithghníomhaithe a thionscain i nduine íogair nó a bhfuil ailléirge air, fógraítear go bhfuil siad i láthair san fhaisnéis faoin vacsaín a thugtar d’oibrithe cúraim sláinte. Mar shampla, luafar i mbileog an phacáiste aon réamhchúraimí speisialta le vacsaín a úsáid i ndaoine a bhfuil ailléirgí ar leith orthu, amhail rianta uibhe i ndaoine a bhfuil ailléirge uibhe orthu.

 

Page last updated 13 Már 2020