An dóigh a n-oibríonn vacsaíní

Tionscnaíonn gach víreas agus baictéar trúig freagartha uathúil sa chóras imdhíonachta, a bhaineann le tacar ar leith ceall san fhuil, sa smior agus sa chorp ar fad, ar a dtugtar T-chealla agus B-chealla i measc cinn eile.

Déanann vacsaín freagairt imdhíonachta a spreagadh, agus spreagann cuimhne an choirp ar ghalar ar leith, gan an galar sin a theacht air.

Tá foirm an-lag nó díghníomhachtaithe (maraithe) de víreas nó baictéar is cúis le galar de ghnáth, nó cuid bheag den víreas nó den bhaictéar ann i vacsaín. Tugtar an antaigin air sin.

Nuair a thugtar an vacsaín do dhuine, aithníonn an córas imdhíonachta an antaigin mar ‘choimhthíoch’. Tá na cealla imdhíonachta oilte leis an oibreán is cúis le galar a mharú agus antasubstaintí a dhéanamh ina aghaidh. Próitéiní speisialta is iad antasubstaintí a chuidíonn chun an t-oibreán tógálach a mharú.

Má tharlaíonn go dtéann an duine i dteagmháil leis an bhfíorvíreas nó fíorbhaictéar ina dhiaidh sin, ‘cuimhneoidh’ a chóras imdhíonachta uirthi nó air. Déanfaidh sé na hantashubstaintí cearta a tháirgeadh agus na cealla imdhíonachta cearta go tapa leis an víreas nó baictéar a mharú, rud a chosnóidh an duine ar an ngalar.

Maireann imdhíonacht ar feadh blianta, agus uaireanta ar feadh an tsaoil. Tá éagsúlacht ar an bhfad ama de réir galair agus vacsaíne.

      How vaccines work
      1. Antaigin 2. Antasubstaintí 3. Freagairt imdhíonachta

       

      Ní hamháin go gcosnaíonn imdhíonacht trí vacsaíniú an duine imdhíonta féin ach chomh maith leis sin cosnaíonn daoine nach bhfuil vacsaínithe sa phobal, amhail naíonáin atá ró-óg le vacsaíniú a fháil. Ní fhéadfadh an ‘chomh-imdhíonacht’ seo oibriú ach amháin má tá go leor daoine vacsaínithe.

      Ar an taobh eile, duine a éiríonn imdhíonach tríd an ngalar a fháil, féadann sé daoine eile nach bhfuil vacsaínithe a nochtadh ar an ngalar. Tá riosca aimhréidheanna ar an duine sin chomh maith.

        Comhábhair vacsaíne

        I dteannta le hantaigin amháin nó níos mó ná sin, tá comhábhair eile ann i vacsaín.

        Page last updated 13 Már 2020