
Cinneann tíortha Eorpacha aonair na vacsaíní ar chóir bheith mar chuid dá gclár náisiúnta vacsaínithe agus bheith maoinithe ag a gcórais náisiúnta sláinte. Tá sé sin bunaithe ar dálaí áitiúla, amhail minicíocht an ghalair, chomh maith le tosca eacnamaíochta.
Áirítear sa chuid is mó de na cláir náisiúnta vacsaínithe san AE/LEE suas le fiche galar a thugtar do dhaoine ag aoiseanna áirithe. Ina theannta sin, moltar vacsaíní le cosaint ar ghalair ar leith do ghrúpaí ‘ardriosca’, amhail daoine a bhfuil dálaí sláinte fadtéarmacha orthu nó daoine a bhfuil i gceist acu taisteal chuig áiteanna eile ar domhan.
Ní cosnaíonn roinnt vacsaíní ach ar ghalar amháin, ach cosnaíonn roinnt eile níos mó ná ceann amháin. Uaireanta, is féidir níos mó ná vacsaíne amháin a thabhairt ag uair amháin le cosaint ar ghalair thógálacha áirithe. Tá comhúsáid vacsaíní seanchruthaithe agus bunaithe ar staidéir eolaíochta ar a mbuntáistí agus sábháilteacht.
Le tuilleadh faisnéise faoi chláir náisiúnta vacsaínithe, féach an sceidealóir vacsaíní ECDC agus féach na suímh ghréasáin oifigiúla ar imdhíonadh thíortha AE/LEE anseo.
Buntáistí vacsaínithe
Cuireann vacsaíní cosc ar ghalair a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le fadhbanna sláinte tromchúiseacha, míchumas buan nó fiú bás.
Formheas vacsaíní san Aontas Eorpach
Sular féidir vacsaín a fhormheas san Aontas Eorpach, ní mór d’fhorbróir na vacsaíne í a chur faoi dhiantástáil ...
Faireachán a dhéanamh ar sábháilteacht vacsaíne agus fo-iarmhairtí a thuairisciú
Nuair a cheadaítear vacsaín le húsáid, déanann údaráis náisiúnta an AE/LEE agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)...