Maidir le vacsaíní

Cosnaíonn vacsaínithe daoine ar ghalair thógálacha thromchúiseacha agus ar ghalair atá bagrach don bheatha. San am atá caite, fuair a lán daoine bás de bharr galair ar féidir a chosc trí vacsaíniú sa lá atá inniu ann. Tá galair agus aimhréidheanna a bhíodh coitianta san am atá caite annamh anois nó tá siad díothaithe go hiomlán a bhuí le vacsaíniú forleathan. 

Áirítear leis na haimhréidheanna sin:

  • pairilis, míchumais ar feadh an tsaoil, nó bás de bharr póilió; 
  • daille mar gheall ar an mbruitíneach;
  • bodhaire, catarachtaí nó míchumais foghlama i leanaí a rugadh do mháithreacha a raibh an bhruitíneach dhearg orthu luath le linn toirchis. 

Cabhraíonn an vacsaíniú le scaipeadh na ngalar sa phobal a chosc. Nuair a bhíonn vacsaín faighte ag céatadán mór den phobal, cuirtear cosc ar scaipeadh na ngalar tógálach. Tugtar “imdhíonacht phobail” air sin. 

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an imdhíonacht phobail, féach: 

Buntáistí an vacsaínithe

Conas a chosnaíonn vacsaíní sinn agus conas a chuireann siad cosc ar scaipeadh galar? Faigh tuilleadh eolais maidir leis na buntáistí a bhaineann leo do dhaoine aonair agus don phobal araon.

Is é vacsaíniú an bealach is fearr le himdhíonacht a fháil in aghaidh galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, seachas imdhíonacht a bhaint amach tríd an ngalar a fháil. Cuirtear cosc ar chomharthaí an ghalair teacht ar dhaoine, comharthaí a d’fhéadfadh bheith géarchúiseach, a bhuí leis an vacsaíniú. 

Baineann tairbhí sochaíocha níos leithne le cláir vacsaínithe toisc gur féidir leo an t‑ualach sóisialta, síceolaíoch agus airgeadais a bhaineann le galair a laghdú trí bhrú ar chórais cúraim sláinte agus cúraim shóisialta a laghdú.