
Tá an tAontas freagrach as a áirithiú go gcuirfear vacsaíní in aghaidh COVID-19 sábháilte éifeachtacha ar fáil don phobal san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. D’údaraigh an Coimisiún Eorpach an chéad vacsaín in aghaidh COVID-19 an 21 Nollaig 2020, tar éis meastóireacht a bheith déanta ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) agus tar éis dul i gcomhairle le Ballstáit an Aontais.
An chaoi a n-oibríonn vacsaíní in aghaidh COVID-19
Le vacsaíní COVID-19, déantar COVID-19 a chosc trí fhreagairt imdhíonachta a thionscnamh.
Déanann an chuid is mó de na vacsaíní COVID-19 na freagairtí imdhíonachta seo a thionscnamh ar chuid bheag de SARS-CoV-2. Is é SARS-CoV-2 an galar is cúis le galar COVID-19.
Más rud é go bhfuil duine a fuair vacsaín COVID-19 ionfhabhtaithe leis an víreas níos déanaí, aithníonn an córas imdhíonachta an víreas.
De bhrí go bhfuil sé ullmhaithe cheana féin chun an víreas a ionsú, tá córas imdhíonachta an duine sin in ann é/í a chosaint ar an ngalar COVID-19.
Féach tuilleadh faisnéise ar An dóigh a n-oibríonn vacsaíní.
Forbairt agus formheas vacsaíní in aghaidh COVID-19
Tá vacsaíní COVID-19 á bhforbairt i gcomhréir leis na riachtanais chéanna dlí maidir le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht is a bhaineann le gach vacsaín eile.
Amhail gach vacsaín, déantar éifeachtaí vacsaíní in aghaidh COVID-19 a thástáil sa saotharlann, ainmhithe san áireamh, agus ansin in oibrithe deonacha.
Déanann an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) measúnú ar vacsaíní COVID-19 de réir na n-ardchaighdeán céanna is a bhaineann le gach vacsaín eile sular féidir iad a scaoileadh le húsáid. Léigh tuilleadh faoi Fhormheas vacsaíní san Aontas Eorpach.
Is é an rud atá difriúil maidir le vacsaíní COVID-19 ná go bhfuil forbairt agus formheas ag tarlú i bhfad níos tapa, mar fhreagairt ar éigeandáil na sláinte poiblí a tharla de bharr an víris.
Déanann EMA iarratais ar ardchaighdeán ó chuideachtaí atá ag forbairt vacsaíní COVID-19 a mheasúnú san am is giorra agus is féidir, agus áirithíonn sé go bhfuil a chuid cinntí láidir. Déanann sé an méid sin trí:
- threoir a chur ar fáil chun cabhrú le forbróirí vacsaíní COVID-19 ullmhú chun iarratas ar fhormheas a dhéanamh;
- nósanna imeachta mear-athbhreithnithe a úsáid;
- phríomhshonraí ar vacsaíní COVID-19 a mheas a luaithe is agus a bhíonn siad ar fáil.
Faireachán ar shábháilteacht agus éifeachtacht vacsaíní in aghaidh COVID-19
Déanann an tAontas faireachán leanúnach ar shábháilteacht agus ar éifeachtacht vacsaíní in aghaidh COVID-19.
Déanann EMA monatóireacht fo-éifeachtaí ar na vacsaíní sin, mar a dhéanann sé do gach vacsaín.
I gcomhar le chéile, déanann an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) faireachán dian ar éifeachtacht vacsaíní in aghaidh COVID-19.
Cuireann sé sin ar chumas an AE faisnéis nua a thagann chun cinn maidir leis na tairbhí agus leis an tsábháilteacht a bhaineann le vacsaíní in aghaidh COVID-19 a shainaithint agus a mheas gan mhoill. Áiritheofar leis sin go ndéanfar aon rioscaí féideartha a bhrath agus a bhainistiú chomh tapa agus is féidir: féach Faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht vacsaíne agus fo-iarmhairtí a thuairisciú.
Tuilleadh faisnéise
- An Coimisiún Eorpach: An fhreagairt ar an gcoróinvíreas
- An Coimisiún Eorpach: Straitéis AE um vacsaíní in aghaidh COVID-19
- An Coimisiún Eorpach: Ullmhacht le haghaidh straitéisí vacsaínithe agus úsáid vacsaíní in aghaidh COVID-19
- An Coimisiún Eorpach: Conas a dhéantar vacsaíní a fhorbairt, a údarú agus a chur ar an margadh?
- EMA:Cóireálacha agus vacsaíní in aghaidh COVID-19
- EMA:Vacsaíní in aghaidh COVID-19: príomhfhíricí
- EMA:Vacsaíní in aghaidh COVID-19: forbairt, measúnú, formheas agus faireacháin