COVID-19

Cad is COVID-19 ann?

Is éard is COVID-19 ann an galar a tharlaíonn mar gheall ar an víreas ar a dtugtar an géarshiondróm riospráide coróinvíris-2 (SARS-CoV-2). Is tréithchineál nua coróinvíris é SARS-CoV-2. Níor sainaithníodh é i ndaoine roimh mhí na Nollag 2019.

Thosaigh an ráig reatha COVID-19 go déanach in 2019 agus dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur phaindéim a bhí ann an 11 Márta 2020.

An 4 Bealtaine 2023, chinn Ard-Stiúrthóir EDS nárbh éigeandáil sláinte poiblí arbh ábhar imní idirnáisiúnta í COVID-19 a thuilleadh. Chuir sé i bhfios go láidir go bhfuil éiginnteachtaí fós ann maidir leis an gcaoi a bhféadfadh athrú teacht ar SARS-CoV-2 cé go bhfuil leibhéil níos airde imdhíonachta daonra agus níos lú daoine san ospidéal agus básanna ann dá bharr.

Symptoms of COVID-19

Cad iad siomptóim COVID-19?

Is iad príomhshiomptóim COVID-19:

  • fiabhras
  • casacht
  • laige ghinearálta nó tuirse
  • blas agus/nó boladh athraithe nó caillte
  • sceadamán nimhneach
  • tinneas cinn
  • pian mhatáin
  • buinneach.

Bíonn éagsúlacht mhór i ndéine an ghalair ó dhuine go duine.

Is féidir roinnt daoine a bhfuil COVID-19 orthu a bheith aisiomptómach. Is ionann sin agus a rá nach mbíonn siomptóim ar bith orthu.

I gcásanna tromchúiseacha, d’fhéadfadh na siomptóim seo a leanas a bheith san áireamh

  • deacracht análaithe nó gearranáil
  • mearbhall
  • pian chliabhraigh.

D’fhéadfaí go mbeadh cúram leighis agus tacaíocht leighis speisialaithe de dhíth ar dhaoine a mbeadh siomptóim throma orthu.

D’fheadfadh riocht an othair dul in olcas go tapa agus, más amhlaidh an cás, is minic a tharlaíonn sé sin le linn na dara seachtaine den ghalar.

Ar an drochuair, ní mór do roinnt daoine a mbíonn COVID-19 orthu dul isteach san ospidéal. D’fhéadfaí go mbeadh dianchúram ag teastáil i gcás cuid acu sin, in amanna go ceann tréimhsí fada.

Cad iad aimhréidheanna COVID-19?

D’fhéadfaí go mbeadh ar dhaoine a mbeadh siomptóim throma orthu a rachadh i bhfeidhm ar na haerbhealaí úsáid a bhaint as análaitheoir (tacaíocht aerála meicniúla). Mar gheall air sin, is féidir go mbíonn siad níos soghabhálaí maidir le hionfhabhtú eile a fháil seachas COVID-19, amhail niúmóine.

Tá riosca níos mó ag roinnt othar COVID-19 freisin maidir le haimhréidheanna a bhaineann le téachtadh fola, amhail strócanna nó taomanna croí.

Is airde an dóchúlacht go mbeadh gá le seal san ospidéal do dhaoine aosta, go háirithe do dhaoine os cionn 60 bliain d’aois agus do dhaoine a bhfuil bunriochtaí sláinte orthu.

Tríd is tríd, is beag an baol atá ann go bhfaigheadh duine bás ó COVID-19, ach tá an baol sin níos airde ná mar a bhíonn sé i gcás fliú. Tá baol níos airde ann go bhfaigheadh daoine scothaosta bás, mar aon le daoine a bhfuil tinneas fadtéarmach nó bunriochtaí sláinte orthu.

Céard é riocht iar-COVID-19 nó COVID fadmharthanach?

D’fhéadfaí go mbeadh iarmhairtí fadtéarmacha ar líon beag othar de bharr ionfhabhtú SARS-CoV-2. Tugtar riocht iar-COVID-19 air sin, rud ar a dtugtar ‘COVID-19 fadmharthanach’ freisin.

D’fhéadfadh riocht iar-COVID-19 dul i bhfeidhm ar othair de gach aois, lena n-áirítear daoine nach raibh ach siomptóim éadroma COVID-19 orthu nuair a ionfhabhtaíodh den chéad uair iad.

San áireamh leis na siomptóim sin bíonn:

  • cailleadh bolaidh nó blais
  • tuirse
  • laige ghinearálta
  • gearranáil
  • lagú cognaíoch

Níl aon tástáil ann chun riocht iar-COVID-19 a dhiagnóisiú agus d’fhéadfaí go mairfeadh na siomtóim go ceann seachtainí, míonna nó tréimhse ní b’fhaide.  Níl aon chóireáil ann don riocht sin faoi láthair. Mar sin féin, tugann an fhianaise le fios gur lú an seans go dtuairisceodh daoine aonair atá vacsaínithe i gcoinne COVID-19 comharthaí riocht iar-COVID-19.

Transmission of COVID-19

Conas a scaiptear COVID-19?

Scaiptear víreas SARS-CoV-2 ó dhuine go duine go príomha trí cháithníní a scaoiltear isteach san aer nuair a dhéanann duine ionfhabhtaithe análú, go háirithe nuair a bhíonn duine ionfhabhtaithe ag labhairt, ag canadh, ag béicíl, ag sraothartach, ag casacht etc. Is féidir leis na cáithníní sin daoine eile a shroicheadh atá thart timpeall ar an duine ionfhabhtaithe (suas le dhá mhéadar ar shiúl uathu de ghnáth), agus is féidir leo iad a análú isteach ansin.

D’fhéadfadh tras-seoladh ó dhuine ionfhabhtaithe go duine eile a thosú dhá lá sula mbíonn aon siomptóim ar an duine ionfhabhtaithe. Ar an meán, déanfaidh duine ionfhabhtaithe amháin suas le cúigear daoine eile a ionfhabhtú, mura ndéanann siad aon rud chun tras-seoladh a chosc.

De ghnáth, ní thaispeántar siomptóim go dtí go dtéann cúig nó sé lá thart tar éis don duine a bheith ionfhabhtaithe. Mar sin féin, d’fhéadfadh tréimhse idir lá amháin agus dhá sheachtain a bheith i gceist leis sin.

Is féidir le cáithníní níos mó (braoiníní) titim freisin ar dhromchlaí lena mbíonn daoine i dteagmháil. Is féidir leis na daoine sin an víreas a chur ar a lámha agus ionfhabhtú a fháil nuair a chuireann siad lámh ar an tsrón, ar an mbéal nó ar na súile. Mar sin féin, tá an bealach tarchurtha seo i bhfad níos coitianta ná an tarchur ó dhuine go duine.

Risk groups of COVID-19

Cé atá i mbaol ó COVID-19?

Tá gach duine i mbaol COVID-19 a tholgadh.

Mar sin féin, is mó seans go tiocfaidh géarghalar ar ghrúpaí áirithe den daonra dá bharr. Ar na grúpaí sin tá daoine os cionn 60 bliain d’aois agus mná torracha, chomh maith le daoine a bhfuil bunriochtaí sláinte orthu, amhail:

  • murtall
  • brú fola ard
  • diaibéiteas
  • galar croí
  • galair fhadtéarmacha a théann i bhfeidhm ar na scamhóga agus ar na haerbhealaí
  • riochtaí a dhéanann difear don néarchóras
  • a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe orthu.

De ghnáth, ní bhíonn na siomptóim i leanaí chomh trom is a bhíonn siad i ndaoine fásta. Mar sin féin, is féidir le leanaí an víreas a scaipeadh ar dhaoine eile go fóill, agus tagann géarghalar ar chuid acu.

Cruthaíonn spásanna brúite faoi dhíon deiseanna le haghaidh mhearscaipeadh COVID-19: tá ráigeanna suntasacha feicthe i bpríosúin, in ionaid imirceach agus i ngléasraí próiseála bia.

Prevention of COVID

Conas COVID-19 a chosc?

Is é vacsaíniú an bealach is éifeachtaí chun COVID-19 a chosc. Is lú seans go mbeidh dianghalar ar dhaoine atá vacsaínithe ná gur gá dóibh dul isteach san ospidéal. Sin an fáth a mbíonn údaráis sláinte poiblí ag iarraidh ar gach duine atá incháilithe a bheith vacsaínithe go hiomlán i gcoinne COVID-19 a luaithe is féidir. Léigh tuilleadh i dtaobh vacsaíní COVID-19.

Trí na lámha a ní go minic le gallúnach agus uisce nó le tuaslagáin alcólbhunaithe, cuirtear cosc freisin ar thras-seoladh an víris ó na lámha isteach sa chorp trí na súile, tríd an tsrón nó tríd an mbéal. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach ár ngrafaic faisnéise ar bhearta neamhchógaisíochta.

Vacsaíní atá údaraithe lena n-úsáid san Aontas Eorpach

Treatment of COVID-19

Conas a chóireáiltear COVID-19?

De réir a chéile, tá fáil ar chógais chun COVID-19 a chóireáil a dhíríonn go díreach ar an víreas. Mar sin féin, baintear úsáid astu go príomha chun géarghalar i ngrúpaí ardriosca a chosc.

Is é cúram tacúil an phríomhchóireáil don chuid is mó de na hothair a bhfuil géarghalar orthu, (e.g. teiripe ocsaigine a úsáid agus leibhéil sreabháin a bhainistiú), rud a bhíonn an-éifeachtach i mórán cásanna.

Chun teacht ar an bhfaisnéis is déanaí maidir le cóireálacha COVID-19, féach láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA): Cóireálacha agus vacsaíní do COVID-19 nó suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh: Cóireálacha do COVID-19 (europa.eu)

Tuilleadh eolais

--------------------------------------------------------------------

Tagairt:

(1) Barúlacha tosaigh Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte ag an seisiún faisnéise do na meáin maidir le COVID-19

Nóta: Is chun críocha faisnéis ghinearálta an fhaisnéis atá sa bhileog eolais seo agus níor chóir úsáid a bhaint aisti in ionad saineolas aonair agus tuairim gairmí cúraim sláinte.

Page last updated 11 Iúil 2023