An triuch

Bileog eolais

Cad is an triuch ann?

Is galar baictéarach an-tógálach é an triuch a bhaineann leis na scamhóga agus na feadáin anála. Tugtar ‘whooping cough’ air freisin. Baictéir i béal, i srón agus i scornach an duine ionfhabhtaithe is cúis leis.

Symptoms of pertussis

Cad iad siomptóim an treacha?

Is iondúil go mbíonn siomptóim ann idir 7 agus 10 lá tar éis an ionfhabhtaithe, ach d’fhéadfadh siomptóim a theacht suas le 21 lá ina dhiaidh sin:

  • Ar dtús, tá siomptóim ann atá cosúil leis an slaghdán (sraothartach, srón ag sileadh, lag-fhiabhras agus casacht éadrom).
  • Laistigh de dhá sheachtain, éiríonn an chasacht níos déine agus léirítear léi tarluithe go leor casachtaí tapa, agus ina dhiaidh sin scairteadh nó ‘whoop’ géar. Is minic a chríochnaíonn na tarluithe seo le díchur d’ábhar múcasach atá tiubh agus soiléir, agus ina dhiaidh sin bíonn urlacan ann. Tarlaíonn siad san oíche ar dtús, agus ina dhiaidh sin bíonn siad níos minice i rith an lae agus d’fhéadfadh siad tarlú arís go ceann cúpla mí.
  • I naíonáin óga, b’fhéidir nach bhforbródh an 'whoop' tipiciúil riamh, agus d’fhéadfadh tréimhsí gearra nuair a stopann análú a theacht tar éis na dtarluithe castachtaí. Tar éis na céime seo, ní bhíonn na dtarluithe casachtaí chomh minic nó chomh dian, agus tagann biseach ar an naíonán de réir a chéile (b’fhéidir go nglacfaí suas le trí mhí leis seo).

De ghnáth bíonn siomptóim níos éadroime nó beagnach difriúil ar ógánaigh, ar dhaoine fásta, nó ar leanaí a bhí imdhíonta i bpáirt. Sna grúpaí seo, agus i naíonáin an-óg, tá sé níos deacra an triuch a dhiagnóisiú.

family illustration

Cad iad aimhréidheanna an treacha?

Tá foirmeacha is déine an treacha le fáil i naíonáin. Féadfaidh an triuch i naíonáin neamh-vacsaínithe nó i naíonáin le máthair neamh-vacsaínithe a bheith an-dian. I measc na n-aimhréidheanna ná niúmóine, einceifileapaite (galar inchinne), taomanna agus fiú an bás.

I ndaoine fásta agus i leanaí níos sine, i measc na n-aimhréidheanna atá ann tá neamhábaltacht análú i dtréimhsí gearra, easnacha briste, tultitim reicteach agus heirne.

Conas a scaiptear an triuch?

Scaiptear an triuch trí bhraoiníní san aer a tháirgtear nuair a bhíonn an duine ionfhabhtaithe ag casacht. D’fhéadfaí an triuch a scaipeadh freisin ó dhuine aonair nach bhfuil ach foirm éadrom den ghalar air/uirthi, nó ó dhuine aonair ionfhabhtaithe nach bhfuil aon siomptóim air/uirthi. Go minic, tugann siblíní níos sine agus tuismitheoirí a d'fhéadfadh na baictéir a iompar isteach sa teach agus ionfhabhtaíonn siad naíonán sa teaghlach.

Cé atá i mbaol an treacha?

Tá aon duine nach bhfuil vacsaínithe leis an vacsaín treacha, nó nach bhfuil a stádas vacsaínithe cothrom le dáta, i mbaol an galar a tholgadh.

Baby being vaccinated

Conas an triuch a chosc?

Is é an bealach is tábhachtaí chun an triuch a chosc ná trí imdhíonadh iomlán. De ghnáth tugtar an vacsaín le haghaidh an treacha i dteannta le vacsaíniú diftéire agus teiteanais (go minic i dteannta le polaimiailíteas, Haemophilus influenzae agus vacsaíniú heipitíteas B). De ghnáth, tugtar bunchúrsa de 2-3 dháileog idir dhá mhí agus dhá mhí dhéag d'aois, de réir an sceidil vacsaínithe náisiúnta. Moltar an tríú nó an ceathrú dáileog ag 11-24 mí d'aois, agus dáileog eile idir trí bliana agus seacht mbliana d'aois.

Molann roinnt tíortha AE/LEE teanndáileog d’óganaigh, do dhaoine fásta, agus/nó do mhná le linn toirchis, rud a chosnaíonn an babaí go sealadach chomh luath agus a bheirtear é. Molann roinnt tíortha teanndáileog freisin do mhná gan chosaint go luath tar éis dóibh babaí a shaolú, chun an baol a laghdú go dtarchuirfear an galar chuig an mbabaí.

Conas a chóireáiltear an triuch?

Is féidir úsáid a bhaint as antaibheathaigh chun an triuch a chóireáil agus chun cosc a chur ar leathadh tuilleadh an ghalair. Mar sin féin, d'fhonn an éifeachtacht is mó a bhaint amach, ní mór tús a chur leis an gcóireáil go luath sa ghalar, sna chéad cúpla seachtaine sula mbíonn na tarluithe casachta tapa ann.

Le tuilleadh faisnéise a fháil féach láithreán gréasáin ECDC: https://www.ecdc.europa.eu/en/pertussis/facts (EN)

Nóta: Is chun críocha faisnéis ghinearálta an fhaisnéis atá sa bhileog eolais seo agus níor chóir úsáid a bhaint aisti in ionad saineolas aonair agus tuairim gairmí cúraim sláinte.

Tuilleadh bileog eolais

An Bhruitíneach

Fíricí tábhachtacha maidir le bruitíneach, siomptóim, deacrachtaí, fachtóirí riosca, conas a scaiptear í, conas í a chosc agus a chóireáil

An fliú

Fíricí tábhachtacha maidir leis an bhfliú, siomptóim, dul in aimhréidh, tosca riosca, conas a scaiptear é agus conas é a chosc agus conas cóireáil a chur ina aghaidh.

Diftéire

Fíricí tábhachtacha maidir le diftéire, siomptóim, deacrachtaí, fachtóirí riosca, conas a scaiptear í, conas í a chosc agus a chóireáil

Page last updated 13 Már 2020