Rubella

Bileog eolais

Cad is rubella ann?

Ionfhabhtú víreasach is ea rubella (Bruitíneach dhearg). Is galar éadrom i ndaoine sláintiúla é de ghnáth. Má bhíonn rubella ar bhean le linn a céad trí mhí toirchis, is mó is dócha go gcaillfidh sí an leanbh nó go mbeidh aimhrialtachtaí ó bhroinn ar leanbh a bhéarfar, ar a dtugtar siondróm rubella ó bhroinn (CRS). D’fhéadfadh go mbeadh an leanbh bodhar, catarachtaí air agus faoi mhíchumas foghlamtha de dheasca CRS.

Symptoms of rubella

Cad iad siomptóim rubella?

Ní bhíonn aon siomptóim ar suas le 50% de dhaoine atá ionfhabhtaithe le rubella. Má bhíonn siomptóim ann, áirítear leo:

  • gríos dearg;
  • faireoga limfe borracha timpeall na cluaise agus chúl an chinn;
  • pian agus athlasadh na n-alt i ndaoine fásta.

Cad iad aimhréidheanna rubella?

Tá iarmhairtí ar mhná nach bhfuil vacsaínithe agus torrach thar a bheith tromchúiseach, de dheasca an dóchúlachta go bhféadfaidís an leanbh a chailleadh nó go mbeadh CRS ar a naíonán tríd an ngalar a thógáil le linn toirchis.

family illustration

Conas a scaiptear rubella?

Scaiptear víreas rubella í via braoiníní aeriompartha nuair a dhéanann duine atá ionfhabhtaithe casacht agus sraoth.

Cé atá i mbaol rubella?

Duine ar bith nach raibh an galar air nó nach raibh vacsaínithe leis an vacsaín MMR, tá sé i mbaol rubella a tholgadh.

Baby being vaccinated

Conas is féidir rubella a chosc?

Is é vacsaíniú an t-aon chosaint ar rubella. Comhvacsaín is í an vacsaín MMR (an bhruitíneach, plucamas agus rubella) a chosnaíonn ar an mbruitíneach, plucamas agus rubella. Tá an vacsaín MMR slán sábháilte agus éifeachtach agus is an-bheag na fo-iarmhairtí léi. Tuairiscíodh frithghníomhuithe éadroma amhail fiabhras, deirge nó at ag láthair an insteallta. D’fhéadfadh gríos éadrom neamh-thógálach cosúil leis an mbruitíneach theacht ar roinnt daoine a fhaigheann an vacsaín, go hiondúil 7 - -14 lá tar éis vacsaíniú, rud a imíonn laistigh de 1-3 lá.

Is gá dhá dháileog den vacsaín le haghaidh cosaint uasta. Tugtar an chéad dáileog ag aois idir 10 agus 18 mí sa chuid is mó de thíortha Eorpacha. D’fhéadfadh an dara dáileog a thabhairt mí amháin nó níos mó tar éis an chéad dáileog.

Mná a bhfuil rún acu bheith torrach, ba cheart dóibh a stádas vacsaínithe a sheiceáil, mar ní féidir iad a vacsaíniú in aghaidh rubella le linn toirchis.

Conas a chóireáiltear rubella?

Níl aon chóireáil ar leith ann do rubella. Dírítear an chóireáil ar mhaolú na siomptóim.

 

Le tuilleadh faisnéis a fháil féach suíomh gréasáin ECDC: https://www.ecdc.europa.eu/en/rubella/factsheet (EN)

Nóta: Is chun críocha faisnéis ghinearálta an fhaisnéis sa bhileog fíricí seo agus níor chóir úsáid a bhaint aisti in ionad saineolas aonair agus tuairim gairmí cúraim sláinte.

Tuilleadh bileog fíricí

An Bhruitíneach

Fíricí tábhachtacha maidir le bruitíneach, siomptóim, deacrachtaí, fachtóirí riosca, conas a scaiptear í, conas í a chosc agus a chóireáil

An fliú

Fíricí tábhachtacha maidir leis an bhfliú, siomptóim, dul in aimhréidh, tosca riosca, conas a scaiptear é agus conas é a chosc agus conas cóireáil a chur ina aghaidh.

An triuch

Fíricí tábhachtacha maidir le triuch, siomptóim, deacrachtaí, fachtóirí riosca, conas a scaiptear é, conas é a chosc agus a chóireáil.

Page last updated 13 Már 2020