An fliú

Bileog eolais

Céard é an fliú?

Galar riospráide tógálach is ea an fliú arb ionfhabhtú leis an víreas fliú is cúis leis. Tarlaíonn an fliú san Eoraip ina eipidéimí bliantúla tráthrialta i rith an gheimhridh.

Meastar go ndéantar suas le 50 milliún duine a ionfhabhtú le víris fliú shéasúraigh san Aontas Eorpach (AE)/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) gach bliain.

Is féidir ainmhithe a ionfhabhtú le fliú freisin (mar shampla, fliú éanúil agus fliú mucúil), agus i gcásanna áirithe, is féidir leosan daoine a ionfhabhtú ansin.

I dteannta leis na heipidéimí séasúracha, féadann víris fliú úrnua teacht aníos ó thráth go chéile agus tús a chur le paindéimí. Is ionann paindéim víris fliú agus víreas nua fliú dhaonna a bheith ag leathadh go tapa ar fud an domhain.

Symptoms of influenza

Céard iad siomptóim an fhliú?

Ní éiríonn gach duine breoite tar éis dó nó di an víreas fliú a tholgadh. Ina gcás siúd a éiríonn breoite leis, áirítear leis na siomptóim choitianta:

  • fiabhras;
  • tinneas cinn;
  • pian sna matáin;
  • a bheith ag aireachtáil go dona;
  • an tsrón ag síleadh;
  • scornach thinn;
  • casacht.

Bíonn éagsúlacht mhór i gceist i dtaobh throime an ghalair, sa réimse idir a bheith gan siomptóim ar bith agus galar trom a bheith ort. Imíonn na siomptóim uathu féin i gcásanna neamhchasta, agus is iondúil go dtarlaíonn sé sin laistigh de sheachtain amháin ó bhuailtear an t-othar tinn.

Father and child

Cén dul in aimhréidh a bhíonn i gceist leis an bhfliú?

Áirítear leis an dul in aimhréidh a ghabhann leis an bhfliú niúmóine agus einceifealaíteas (athlasadh inchinne).

Bíonn galar trom agus dul in aimhréidh níos coitianta i measc naíonáin an-óg, daoine scothaosta laga agus grúpaí áirithe daoine atá i mbaol i dtaobh cúrsaí míochaine. Is amhlaidh, áfach, nach mbíonn aon riocht leighis bunaidh ar thart ar leath na leanaí agus na ndaoine fásta in aois oibre a dteastaíonn dianchúram uathu.

Cén chaoi a scaiptear an fliú?

Scaipeann an fliú go héasca ó dhuine go duine, go príomha trí theagmháil dhíreach le táil ó othair ionfhabhtaíocha, cosúil le braoiníní sreabháin a scaoiltear amach nuair a dhéanann siad casacht nó nuair a easanálaíonn siad. Scaiptear é freisin trí tháil ar na lámha, ar chiarsúir agus ar dhromchlaí a leagann daoine lámh orthu.

Cé a bhíonn i mbaol an fhliú a tholgadh?

Ionfhabhtaítear tuairim ar 20% den phobal leis an bhfliú gach bliain, agus beidh siomptóim le sonrú ar dhuine amháin as gach ceathrar a ionfhabhtaítear.

Is minice beagán a ionfhabhtaítear leanaí ná daoine fásta, toisc gan a gcóras imdhíonachta a bheith lánfhorbartha. Chomh maith leis sin, is mó an seans go n-ionfhabhtófar leanaí mar gheall nach mbíonn siad chomh cúramach i dtaobh cúrsaí sláinteachais.

Is iad seo a leanas na grúpaí ardriosca:

  • daoine scothaosta
  • daoine, beag beann ar aois, a bhfuil riochtaí ainsealacha leighis orthu (amhail galar croí, iad siúd a bhfuil fadhbanna sna scamhóga nó sna haerchonairí acu, agus daoine a bhfuil diaibéiteas nó fadhbanna leis an gcóras imdhíonachta acu),
  • mná torracha, agus
  • leanaí faoi bhun cúig bliana d’aois.

Is mó seans go dtiocfaidh galar trom ar na daoine sin ná mar atá amhlaidh i gcás daoine atá folláin seachas an fliú a bheith orthu.

process of vaccination illustration

Cén chaoi ar féidir an fliú a chosc?

Is é an vacsaíniú an bealach is éifeachtaí chun an fliú a chosc. Molann Ballstáit an Aontais vacsaíniú séasúrach i gcoinne an fhliú do ghrúpaí ardriosca, amhail daoine scothaosta, in aois ó ≥ 50 go ≥ 65 bliana d’aois, ag brath ar an tír, agus do dhaoine a bhfuil riochtaí leighis ainsealacha orthu.

Ina theannta sin, molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus an tAontas Eorpach (1) do thíortha feabhas a chur ar an gcumhdach vacsaínithe i gcás oibrithe cúraim sláinte. Cloíonn an chuid is mó de Bhallstáit an Aontais leis na moltaí ó EDS i dtaobh vacsaíniú a dhéanamh ar mhná torracha, agus cloíonn roinnt acu le moltaí i dtaobh vacsaíniú a dhéanamh ar leanaí folláine idir 6 mhí agus 5 bliana d’aois.

Ní mór na vacsaíní in aghaidh an fhliú shéasúraigh a thabhairt cothrom le dáta gach uile bhliain, ós rud é go mbíonn na víris fliú seasta ag teacht chun cinn.

Cén chóir leighis atá ann in aghaidh an fhliú?

I bhformhór na gcásanna den fhliú, cuirtear comhairle ar othair a scíth a ligean ar an leaba agus neart leachtanna a ól chun déileáil lena gcuid siomptóim. Íoslaghdaítear an baol go ndéanfar daoine eile a ionfhabhtú freisin ach fanacht sa bhaile. Moltar d’othair comhairle leighis a lorg más ag dul in olcas a bhíonn siad.

Is bearta sábháilte, éifeachtacha chun cóireáil a chur in aghaidh an fhliú iad cógais fhrithvíreasacha, ach iad a thógáil chomh luath agus is féidir tar éis do dhuine éirí tinn. Moltar go ginearálta iad i gcásanna ina bhfuil daoine san ospidéal, ina bhfuil siad buailte go dona ag an ngalar nó ina bhfuil an galar ag dul in olcas go tréan, agus freisin i gcás grúpaí ardriosca. (2).

Bíonn cásanna ann ina dtagann aimhréidh bhaictéarach ar othair tar éis ionfhabhtú leis an bhfliú, agus ní mór cóir leighis a chur orthu siúd le hantaibheathaigh.

Nóta: Is chun críche faisnéis ghinearálta atá an fhaisnéis sa bhileog eolais seo, agus níor cheart í a úsáid mar ionadaí do shaineolas agus breithiúnas aonair ó ghairmí cúraim sláinte.

Tuilleadh bileoga eolais

An Bhruitíneach

Fíricí tábhachtacha maidir le bruitíneach, siomptóim, deacrachtaí, fachtóirí riosca, conas a scaiptear í, conas í a chosc agus a chóireáil

An triuch

Fíricí tábhachtacha maidir le triuch, siomptóim, deacrachtaí, fachtóirí riosca, conas a scaiptear é, conas é a chosc agus a chóireáil.

Diftéire

Fíricí tábhachtacha maidir le diftéire, siomptóim, deacrachtaí, fachtóirí riosca, conas a scaiptear í, conas í a chosc agus a chóireáil

Page last updated 7 Samh 2022