An Bhruitíneach

Bileog eolais

Cad is an bhruitíneach ann?

Galar víreasach ardtógálach is í an bhruitíneach, galar is féidir a tholgadh ag aois ar bith, agus a spreagadh go forleathan. Galar tromchúiseach is ea é, a d’fhéadfadh aimhréidheanna agus bás fiú a bheith ann dá bharr.

Symptoms of measles

Cad iad siomptóim na bruitíní?

Léirítear siomptóim na bruitíní tar éis 10-12 lá ón ionfhabhtú:

  • Tá na siomptóim cosúil le slaghdán ar dtús le srón atá ag síleadh, casacht agus fiabhras éadrom;
  • éiríonn na súile dearg agus solas-íogair;
  • idir an tríú agus seachtú lá, d’fhéadfadh an teocht ardú suas le 41 ⁰C;
  • tosaíonn gríos dearg ar an aghaidh, rud a mhaireann idir ceithre agus seacht lá agus ina dhiaidh sin a leathann amach thar an gcorp iomlán;
  • féadann spotaí beaga bána a bheith ar taispeáint ar na drandail agus ar an taobh istigh de na pluca.
complication illustration

Cad iad aimhréidheanna na bruitíní?

Féadann aimhréidheanna teacht ar 30% de leanaí agus de dhaoine fásta atá ionfhabhtaithe. Áirítear leo siúd ionfhabhtuithe cluaise agus buinneach.

Aimhréidh thromchúiseach fhéideartha is é niúmóine, rud ba chúis le bás roinnt othar a raibh an bhruitíneach orthu. Is é niúmóine an chúis is coitianta le bás a bhaineann leis an mbruitíneach.

Is é 1-3 duine gach 1000 cás an ráta báis don bhruitíneach agus an ráta bás is airde i leanaí níos óige ná cúig bliana agus i measc daoine imdhíon-lagaithe.

Téann athlasadh fhíocháin na hintinne (einceifealaíteas) ar timpeall 1 i ngach 1,000 othar a bhfuil an bhruitíneach air, ríocht is cúis le míchumas néareolaíoch buan i dtimpeall 1 cás gach ceithre cinn.

Is fíorannamh a d’fhéadfadh pain-einceifealaíteas scléaróiseach meathghéar (SSPE) a fhorbairt le hionfhabhtú seasta ag víreas na bruitíní, galar ina meathlaítear fíocháin néaróga agus inchinne go forchéimnitheach, agus is mó is dócha a bheith ar dhuine níos óige a bhfuil an bhruitíní air. Léirítear SSPE go hiondúil roinnt blianta tar éis don othar bheith ionfhabhtaithe ag an mbruitíneach; léirítear 7 go 10 mbliana tar éis an ionfhabhtaithe é ar an meán. Áirítear sna siomptóim athrú sa phearsantacht, meath inchinne de réir a chéile, freangaí matáin agus siomptóim néaramhatánacha eile. Níl aon leigheas ar SSPE agus is cúis le bás i gcónaí é.

woman coughs

Conas a scaiptear an bhruitíneach?

Scaiptear víreas na bruitíní via braoiníní aeriompartha a dhéantar nuair a dhéanann duine casacht agus sraoth. Féadann braoiníni a bhfuil víreas iontu fanacht san aer ar feadh roinnt uaireanta an chloig agus fanann an víreas tógálach ar dhromchlaí éillithe ar feadh suas le dhá uair an chloig. Féadann duine atá ionfhabhtaithe an bhruitíneach a tharchur sula dtaispeántar an gríos fiú (4 lá de ghnáth), agus ar feadh 4 lá tar éis an gríos a bheith ar taispeáint.

Scaiptear an bhruitíneach go héasca i measc daoine nach bhfuil vacsaínithe. Meastar gur féidir le duine amháin a bhfuil an bhruitíneach air idir 12 agus 18 nduine neamhchosanta ar an meán a ionfhabhtú.

Cé atá i mbaol na bruitíní?

Aon duine ar bith nach bhfuil vacsaínithe in aghaidh na bruitíní nó nach raibh buailte ag an ngalar; tá sé i mbaol na bruitíní ag aois ar bith.

Baby being vaccinated

Conas is féidir an bhruitíneach a chosc?

Is é vacsaíniú an t-aon chosaint ar an mbruitíneach. Comhvacsín is i an vacsaín MMR (an bhruitíneach, plucamas agus rubella) a chosnaíonn ar an mbruitíneach, plucamas agus rubella (Bruitíneach dhearg). Tá an vacsaín MMR slán sábháilte agus éifeachtach agus is an-bheag na fo-iarmhairtí léi. Tuairiscíodh frithghníomhuithe éadroma amhail fiabhras, deirge nó at ag láthair an insteallta. D’fhéadfadh gríos éadrom neamh-thógálach cosúil leis an mbruitíneach theacht ar roinnt daoine a fhaigheann an vacsaín, go hiondúil 7 - 14 lá tar éis vacsaíniú, rud a imíonn laistigh de 1-3 lá.

Is gá dhá dháileog den vacsaín le haghaidh cosaint uasta. Tugtar an chéad dáileog ag aois idir 10 agus 18 mí i dtíortha Eorpacha. D’fhéadfadh an dara dáileog a thabhairt mí amháin nó níos mó tar éis an chéad dáileog.

Is féidir an vacsaín MMR a thabhairt níos luaithe sa saol i rith briseadh amach. Leanaí atá idir sé mhí agus naoi mí d'aois atá in áit – nó a bheidh ag taisteal chuig áit – a bhfuil ardbhaol ar nochtadh ar an mbruitíneach, ba chóir go bhfaigheadh siad dáileog bhreise den vacsaín MMA. Tá an dáileog sin roimh naoi mí d'aois mar cheann breise don dá dháileog atá mar chuid den chlár náisiúnta vacsaínithe, a bhfuil mar aidhm acu lánchosaint a thabhairt.

doctor illustration

Conas a chóireáiltear an bhruitíneach?

Níl aon chóireáil ar leith ann don bhruitíneach. Téarnaíonn an chuid is mó de dhaoine le cóireáil tacaíochta, hiodráitiú agus míochaine frithfhiabhrais.

Baintear úsáid as bearta éagsúla le scaipeadh breise na bruitíní a sheachaint, amhail coraintín ón scoil nó ón obair don duine atá tinn agus do na dlúththeagmhálaithe siúd nach bhfuil cinnte faoina stádas vacsaínithe.

Níl antaibheathaigh éifeachtach in aghaidh na bruitíní mar is víreas is cúis léi. Baintear úsáid as antaibheathaigh, áfach, chun aimhréidheanna a bhaineann le hionfhabhtú baictéarach a chóireáil, amhail niúmóine agus ionfhabhtuithe cluaise.

 

Le tuilleadh faisnéise a fháil féach suíomh gréasáin ECDC: https://www.ecdc.europa.eu/en/measles/facts/factsheet (EN)

Nóta: Tá an fhaisnéis sa bhileog fíricí seo chun críocha faisnéis ginearálta agus nár chóir úsáid a bhaint as in ionad saineolas aonair agus tuairim gairmí cúraim sláinte.

Page last updated 13 Már 2020